Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 191

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 191

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 191
  3. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    4. Leigheas eile do’n ruadh a gnáthuigheadh ná smut do círín coilig d’fhághailt agus an sgríobhadh ceudna a dheunamh leis, len an bhfuil. Sgríbhfí an ainm leis le dubh agus fós bhí luibh ann gur gairmeadh do “Luibh na Ruaidhe.”
    5. Thugaidís dochtúir ar an seachtmhadh mac nó inghean a thagadh gan briseadh in aon chlann amháin. Bhíodh an cáil ar bhaill éadaig an duine san
    6. An Raithineach Madra.
    I gcóir galar na gcnámha nó aon briseadh amach go mbeadh cnámh ag teacht as baintí na préamhacha agus cuirtí isteach in uisge fuar iad go dtí go ndeintí saghas sughlach de’n rud fad annsan agus bhíodh ullamh le na gcimilt don mball gonta annsan.
    7. Luibh na Ruaidhe.
    Úsáidtí so i gcóir aon atadh ná bíodh fhios cad é chúis a bhí leis. C1. g. atadh agus gormughadh roimh nimh fola. Níor mhór an luibh a thriall trí h-uaire dá mba é rud é nár leigheas sé an chéad uair. Baintí an luibh roimh eirighe gréine agus an drúcht ‘na luighe agus cuirtí leis an mball gonta é. Nuair a bhíodh an chéad ‘round’ thart chuirtí chuirtí an luibh thar n-ais san áit ‘na bhfuarathas é agus baintí tuille dhe agus mar sin go mbíodh na trí turasanna thart.
    8. Táithfhéilionn.
    Sugh a dhéanamh de agus é ól do slaghdán.
    9. Comán meall do thinneas cinn agus súil tinn.
    10. Niallfartach do chogaint agus do theanga do chuimilt dod’ bheólaibh do bhéal tinn
    11. Caisearbhán na gchrob ndearg do bheirbhiughadh is an sughlach d’ól do dhroch goile.
    12. Leamhnach buidhe do bheirbhiughadh agus é chur mar chéirín anuas ar atadh
    13. Gearradh. Slánlus do bheirbhiú i n-im agus é chur mar chéirín anuas air.
    14. Féar do chasadh air nó línteán dubhán alla chur air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Teanga
    Béarla