School: Caisleach (roll number 16018)
- Location:
- An Chaisleach, Co. Kerry
- Teacher: Pádruig Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caisleach
- XML Page 273
- XML “Na Daoine Maithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ó mhuínntir an Óileanbhúide agus iad a thabhairt mar spré do’n gcailín mar ní h-aon airgid a bhíodh acu an uair sin acht an oiread sin bó nó beithidheach. An oidhche a thángadar bhí daoine maithe na Dromada imthighthe go Luimneach ar teachtaireacht eigin eile.
Bhí bothán beag an uair sin ar taobh an leasa mhóir atá ar an Óileanbhúide agus bhí seana-bhean breóidhthe ann. Bhí na cómharsain istig chun í d’fheiscint agus dubhairt sí leó go raibh na ba ag imteacht agus gur bh-earra dhoibh dul amach. Níor cuireadar aon suim innte mar cheapadar go raibh sí ag dul i símpleacht. Dubhairt sí aris leó go rabadar ag imteacht agus go gcaidfí iad a stop. Pé slighe gur cuiread teachtaireacht fé dhéin na sluagh a bhí í Luimneach thángadar agus thángadar suas leis an sluagh a bhí ag goid na mbó ag Barra na gCorra an áit go nglaodtar Lúb a’ Phúca air. Bhí troid mhór eatorra annsan agus bainead na ba dhíobh. Ar maidín nuair éirig muinntir an baile amach ní raibh tásg ná tuairisg ar na ba. Chuadar fé dhéin na seana mná agus dubhairt sí leó go rabadar na gcodlad ar idtaobh thiar do crois Cnoc an Éadain. D’imthigheadar leó agus thugadar abhaile iad acht bhí bó dhearg in easnamh. Chuadar(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhálaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheal Ó Donghaille
- Gender
- Male