School: Caisleach (roll number 16018)
- Location:
- An Chaisleach, Co. Kerry
- Teacher: Pádruig Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caisleach
- XML Page 329
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgealDo bhí Rí ann fadó agus bhí triúr mach aige. Bhí ana meas aige ortha agus bhí meas mór aca air agus an meas ceadna aca ar a chéile cómh mór san go rabhadar mar shampla ag an bpobal eile. Ach ní bhíonn aon nídh buan ar an saoghal seo. D’eirig easaontas idir é féin agus a triúr mach agus nuair ná géillfhidís do, do dhíbir sé as Ríoghacht iad agus thug sé sgilling an duine dóibh ag imteacht. D’imthigheadar leó go dtánghadar go dtí cros bhóthar, agus cuaidh duine aca an bóthar ó thuaidh, duine eile an bóthar ó deas, agus an duine eile an bóthar siar agus do socruigheadar go mbeidís le céile ag ag an gcros bóthar i gcionn laé agus blíadhna. Ní raibh an mach ba shine ach míle ón gcros nuair a casadh é le fear a bhí ar leath láimh, leath cois agus leath súile. Do bheannuig sé do. Do bhí fhios aige gur Mach an Rí do bhí ann agus dúbhairt sé go raibh brat aige agus gur brat draoidheachta é agus go mbearfhadh sé duine ar aon áit timcall an Domhain ar aon neómait. D’fhíarr mach an Rí air car ar go ndíolfhadh sé é. Dúbhairt an fear go ndíolach sé é ar leath dá raibh aige. Tug Mac an Ríogh leath na sgillinge do. Bhí brón mór ar an bhfear annsan ach an uair sin ní bhristí aon margad a dheintí. D’imthigheadar leo annsan.
Taréis tamhall do bhuail an tarna mach le fear a bhí ar leath láimh, leath cois agus leath shúil. Do bheannuig sé do. Do bhí fhios ag an bfear gur Mac an Ríogh a bhí ann agus dubhairt go raibh buidéal aige agus gur buidéal draoidheachta agus leigheasfadh sé aon galar. D’fhíarr Mach an Ríogh air cad ar(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Concúbhair
- Gender
- Female
- Address
- Knockroe, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Concúbhair
- Gender
- Male