School: Caisleach (roll number 16018)
- Location:
- An Chaisleach, Co. Kerry
- Teacher: Pádruig Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caisleach
- XML Page 328
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)isteach i dtig bheag. Bhí an sean bhean ann. Caithid tú na h-ainmhidhe seo do cheangail. Do chuir an t-seanbhean a lámh fé na h-usgail agus do tharraing sí amach trí ribe agus thug do íad. Caith sé sa teine íad agus ba gheárr go eirig an tsean bhean chailleach chun é a mharbhúghadh is bhí sí ag fághail an lámh uachtar ar. Glaoid sé cabhair ar an each. “Geobhair” arsa’n t-each. “Fáisg an ribe” arsa’n cailleach. Faisgfhead lár na teine é. Glaoid sé cabhair ar an coileán con. “Fáisg an ribe” arsa’n t-seanbhean. D’fásg i lár na teine é. D’íarr sé cabhair an seabhac. Do léim an seabhac agus do bhain sé ceann des na súilibh aisti. Bhíodar go léir ag marbhúghadh an t-sean bhean. Dúbhairt sí leis gan í mharbhúghadh agus go dtabharfhad sí leath de’n ríoghacht do. Tug sí slaitín draoidheachta do is dúbhairt sí leis go raibh a dearbhráthair taobh amuigh de’n doras. “Na clocha glasa úd” ar sise. “Sin íad é féin agus a chú a each agus a sheabhac. Dúbhairt sí leis na clocha a bhúaladh leis an slaitín draoidheachta agus go n-eireóchadh síad arís. Do bhúail sé buille ortha agus d’eirigheadar agus bhí ana áthas air.Síle Ní Shúilliobáin, Drom na Cille,
do scríobh, ó Seán Ó Conchúbhair. 12-12-1938- Collector
- Síle Ní Shúilliobháin
- Gender
- Female
- Address
- Drom na Coille, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Conchúbhair
- Gender
- Male