Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cómharsain do bheadh Seán Bhán agus Cáit Ní Shéaghdha. Ní folaír nó bhí féith na filíochta sa bheirt fé mar cídhfear ón sgéal. Bean tighe shlachtmhar ghasta, chríochnamhail, do bheadh Cáit. Má chaitheadh sí foth-oidhche gheimhridh a' bothántaidheacht i dtigh Sheáin féin ní díomhaoin a bhíod sí ach fuagháil no cniotháil idir lamha i gcómhnuidhe aici. An oidhche seo bhí sí féin agus Seán 'na suidhe go suaimhneasach ar gach taobh de'n teine - Cáit a' cniotáil stoca, Seán ag ól tobac, cos ar mhuin coise aige, gan mairg sa tsaol air, agus é a' cainnt, agus a' seanchaideachth go breagh, bog, réidh, le Cáit. Tá a fhios ag an saol - agus is beag d'á mhearthall a bhí ar Sheán leis - go mbíonn dúil sa tobac ag na mnáibh chomh mhaith leis na fearaibh. I gceann tamaill, núair nár bheag le Seán a raibh caithte de'n tobac aige, do shín sé an píopa fé dhéin Cháit agus dúbhairt- "bain gal as an bpíopa, A spéir-bhean chailce, gan cháim." D'fhéach Cáit air féin ar dtúis agus annsan ar a phíopa, agus ar sise- "Go raibh maith ag do phíopa, Snaois a chaitim-se a Sheáin." Nách deas agus nách comhgarach an freagra a thug sí air!