Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)

Suíomh:
Cahersiveen, Co. Kerry
Múinteoir:
An Br. B. L. Mac Eoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 418

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 418

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 418
  3. XML “Pósaithe”
  4. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Pósaithe (ar lean)

    San allóid sé an Inid an t-am is mó a phósadh na daoine.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    méid airgid a bhíodh ag an gcailín le tabhairt don ógánach.
    Bhídís go h-ana curamach an uair sin cad é an lá a phósadh mar deirtear go bhfuil De Luain agus Dé h-Aoine agus Mí Bealtaine mí ráthmhar cun pósadh. Bíodh ball eadaig nua agus ball sean-eadaig ar an gcailín agus casóg coirp agus hata árd cruaidh i gcóir na h-ócáide ar an bhfear.
    Níos deidheannaighe nuair a tosnuigheadh ar na pósaidhthe bheith ins an t-séipeal do théighdís go léir go tig an cailín maidin lae an phósadh. Do tógadh gach seana bhean seacht punt ime cuig na brideóige. Bíodh bricfeasta an - mhór ann. Timcheall a dó déag nó mar sin bíodh sluagh mór cárr agus capaill bailighthe timcheall an tighe. Cómhartha neamh-spleacais, uaisleachta agus saidhbhris 'seadh taisbeantas mór carr. Bíodh gaolta an fhir is na brideóige ar capall agus nuair a tosnuigheadh an mór siubhal cun an t-seipéil b'amlaidh go n-imthigeadh na marcaigh rompa amach ag rás a céile. B'í an t-ainm a bhí ages na daoine ar an mór siubhal san ná "An Tarrach"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Breis is trí fichead bhlíain ó shoin deineadh cleamhnas do bheirt annso í gCathair-Saidhbhín. Socruigheadh gach rud a bhain leis an spré, agus dár n-dhóig socruigheadh ar an dáta í gcóir na ocáide
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Oghermong, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Súilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Oghermong, Co. Kerry