Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- NÓTASeo thíos cnusach de sean-focail a thóg Peadar O Rosnaidhe isteach cugham. Fuair sé ona Aintín iad. Nóra Ní Riordáin ainm agus sloinne di. B'é Tadg O Boiléir, gaol leí, (Uncal leí) a dhein an cnúsach. File agus Maighistir Scoile do béadh Tadg (Féach filí an bhaile) Dhein sé trí coipeanna ach níl ach cheann amháin le fáil anois. Cailleadh Tadg sa bliain 1914 in-aois a cheithre bliana is ceithre fichid.
1) Maigistir neamh-curamhach, séirbhiseach failligheach2) Fear ag a sé-déag - leanbh ag trí fichid3) Do thagfadh duine ó gábhatar ach níl an teacht o aithis4) Ní sperálann troscadh fada biadh5) Ar an éadach bréaghtha is mó cítear spota6) Is bricfeast d'amadán, crothadh lámh ó duine uasail (?)7) Ní iarrann cabhal deagh-dhéanta, clóca8) Ní fiadhaidhe gach aoine séideann an adharc9) Ní gach abhfuil caillte i gcontabhairt10) Ní méaduigheann béalach óir cáilidhe capaill
11) Is fearr a ceanglóchaidh taointe duine macánta ná ceanglóchaidh téad cladhaire
12) Ní féidir díoghbháil a déanamh don té a thoileann13) Taisbeánn brobh cá as a shéideann an ghaoth14) Sparán follamh, aghaidh caisirníneach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peadar Ó Rosnaidhe
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Riordáin
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann