Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)

Suíomh:
Cill Rialaigh, Co. Kerry
Múinteoir:
Séamus B. Ó Lúbhaing
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 477

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 477

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Rialaigh
  2. XML Leathanach 477
  3. XML “Aistí Scoláirí Scoile - Féilte na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá Nollag an chéad lá saoire sa bhliadhain. Sé an nós atá ag muinntir an cheanntair seo ná dul go dtí an t-Aifreann. Tugtar Oidhche Nollag ar oidhche an 24adh. lá. Lastar coineal ins gach fuinneoig an oidhche sin, agus is é an té is óige ins gach tigh a lasann iad. Lá 'le Stiopháin téigheann buachaillí óga an cheanntir seo ó thigh go tigh agus tor coillinn nó eidhneáin aca, agus an dreoilín i lár an toir aca, agus iad ag bailliú airgid. Lá le Brighde téigheann gasradh ógánach ó thigh go tigh leis an mbríghde óg, agus bíonn gach aoinne aca dathuighthe. Bíonn ceól aca, agus deineann siad greas rínnce ins gach tigh. Lá 'le Pádraig caitheann gach aoinne seamróg i n-onóir Phádraig, mar leis an t-seamróig a mhúin Pádraig rúindiamhar na tríonóide.
    Lá 'le Mhíchil téigheann muinntir an cheanntir seo go dtí an Pátrun, agus tugann siad turas tímcheall ar h-tobar Mhícíl. Lá Bealtaine tugann an chéad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Bólas, Co. Kerry