School: An Chluain

Location:
Cloan, Co. Cork
Teacher:
Tadhg Ó Cearbhaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 422

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 422

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Chluain
  2. XML Page 422
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Diarmuid ar an bhfear. Fear a bhí tar éis bháis d'fhagháil a bhí ann. Fear gan eagla do b'ead Diarmuid agus ní raibh sgát ná eagla air. Nuair a shrois sé an chéad tigh chuaidh sé isteach ann.
    D'innis sé an sgeul díobh. Dúbhairt muintir an tighe le fanamhaint ann go maidin ach níor fhan sé. Tar éis chupla uair thosnuigh sé ar an dturas airís. Nuair a tháinig Diarmuid go dtí tigh eile chuaidh sé isteach agus d'inis sé an sgeul dóibh. Dúbhairt fear an tighe leis airís fanamhaint ins an tigh go maidin. D'fan sé ann ach sar a bhí geal an lae ann thosnuigh sé ag siubhal airís. Sar a fhag sé an tigh dúbhairt sé leo dá bfheichfeadh sé an fear airís go labhairfadh sé dó. Nuair a srois ar an bothar bhí an fear ann airís. Chuaidh sé mó thimpeall air ach ní raibh sé ábálta aon fhocal do labhairt dhó. Coimeadh sé ag siubhal abhaile annsan. Nuair a srois sé páirc a bíodh peil dhá imirt ann. Gort Í Cein a tugtar ar an bpairc sin. Bhí a lán daoine ann agus iad go leir ag imirt peil.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish