Scoil: An Chathair Gharbh (uimhir rolla 13896)

Suíomh:
Cahergarriff, Co. Cork
Múinteoir:
Criostóir Ó Dubhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0277, Leathanach 301

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0277, Leathanach 301

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Chathair Gharbh
  2. XML Leathanach 301
  3. XML “Conas a Fuair Dúthaigh Bhéarra a Ainm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Conas a Fuair Dúthaigh Bhéarra a Ainm

    Ba cheart dúinn go léir ana shuim do chur i stair ár dúthaighe féin, pé beag mór í

    Seán Ó Suilleabháin, Fuithir, Cathairgarbh
    Fuarathas an mhianach ó Ellen Murphy a shean-máthair - aois 80 bl.

    Ba cheart dúinn go léir ana shuim do chur i stair ár dúthaighe féin, pé beag mór í.
    Cionus a fúair dúthaig Bhéarra a h-ainm? De réir na sean daoine bhí Mach Eóghain Mhóir -adgath Chuinn Chéid-Chathaigh in a oifigeach in airm na Spáine agus bhí inghean ag rí na tíre sin darb ainm dí Béarra. Thug sí grád do'n oifigeach agus d'éaluigh sí leis go h-Éirinn. Nuair chúala an rí cad a thárla bhí sé ar buile agus cuir sé cabhlac in a ndíaidh. Tháinig airm an ríogh súas le Mac Eóin Mhóir ag Ros Mhic Eóin agus troideadh cath ann. Fúair an bhanflaith, Bearra bás de'n chrúadhtan agus níltear cínnte cár cuireadh í. Deir cuid de's na sean daoine gur cuireadh í i "gCúm" 'ar an dtaobh thúad de Árd na Sgéac. Ac de réir daoine eile is in aice le Cíll Mhic Eóna a cuireadh í i sean roilig atá ann agus deirtear leis gur i gCill Mhich Eóin a tugadh an cath.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    Fuhur, Co. Cork
    Faisnéiseoir
    Ellen Murphy
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80