School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)
- Location:
- Macroom, Co. Cork
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa bhliain 1920 bhí na Gaill go nimhneach i mbun a ndroch-ghnótha i nÉirinn, ach is beag ball 'na rabhadar chómh fíochmhar agus bhíodar i n-iarthar Chorcaighe toisc gurb ann ba ghéire agus ba dhána a bhí an t-arm Gaolach ag tabhairt fútha. Bhí an ceann dob fhearr de'n scéal ag an arm Gaedhealach ann go minic.
B-shin é an tráth a tugadh na "Auxies" anall ó Shasana mar chongnamh do'n arm Ghallda. Dream dána gan coinsias, gan eagla roimh Dia ná daoine, b'eadh iad san, agus taithighe ar fheabhas acu ar chúrsaí cogaidh. Bhí nead ag cuid acu i Mágh Chromdha, agus ní bhíodh stad leó ach ag dóigheadh, ag gabháil daoine, agus ag gabháil ortha go minic. Bhí scannradh ar na daoinibh rómpa agus níorbh iongna san.
Do bheartuigheadh tabhairt fútha agus ceacht a mhúineadh dhóibh. Chuige sin do toghadh triochadh fear i measc buidheanta Airm na Poblachta i niarthar Corgaighe.
Cruinnigheadh iad i n-aice Baile Caisleáin Cinneich lastuaidh de Bhéal Átha Fhinghin, agus chaitheadar cúig lá ann á gcur féin i n-oiriúint i gcóir an ghnímh a bhí rompa. Agus nár theastuigh oiriúint uatha? Ní raibh an tríú duine dhíobh riamh i gcath cheana, agus bhí fiche duine aca nár scaoil urchar as reidhfil do dtí san. Ach bhí a gcroidhe san obair, bhí grádh dá dtír ag lasadh ionta, agus bhí árd iontaoibh acu as Tomás de Barra, an taoiseach crodha, cliste, a bhí ós a gcionn.(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Bhredileuch
- Gender
- Female
- Address
- Cooldorragha, Co. Cork
- Informant
- Seán Ó Murcadha
- Gender
- Male
- Address
- Cooldorragha, Co. Cork