School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Clondrohid, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 142
- XML “Bean Siúil agus a Mac”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhíbean siúbhail agus a mac ag gabháil bóthar Cluaindrochaid lá. Do bhí an lá ana bhrothallach agus do thánaig tuirse ar an mnaoi. Do shuidh síar thaobh an bhóthair fe sgáth crainn. Do thug sí ordúdo'n mhac gan leigint d'aon rud teacht na goire an fhaid a bheadh se na codladh. Tareis tamaill do thánaig cuileog agus do thuit síar a sróin. Do chuimhnigh a mac ar an ordú agus do fuair sé bata chun an cuileog a mharbhú. Do bhuail sé an cuileóg agus d'imthigh sé go tapaigh ach do bhris srón na máthar.
- Bhí fear ann uair éigin agus bhí sé ag dul go MaghCromtha agus bhí lios ins pairc ar thaobh an bhóthair. Nuair bhí sé ag dul síos an bhóthar le h-ais an leasa do stad an capall. Bhuail sé an capall ach ní raibh aon mhaith do ann. I gcionn nromait bhí fearg air léim sé amach as an dtrucaill agus rith sé isteach sa lios chun bata d'fhághail. Connaic se leipreacán ag deanamh bróg. Bhí casúr beag i a láimh aige agus é ag amhrán. I gcionn neómait do labhair an leipreachán. "Trom lasán má sé do thoil é" ar seisean. "Níl aon lasán agam" arsan fear. "Tá bosca lasáin in do póca agus mara dtabharfair ceann dom anois marbhóchad tú féin agus do chapall" arsa'n leipreachán. "Marbhóchair mé an ead" arsa'n fear. "Airiú tán tú ró-bheag agus ní féidir leat" ar seisean. Fuair an fear bata ach má fuair seo á bhualadh féin é. Is dócha gur cuireadh eagla ar an bhfear mar dubhairt sé láithreach "Seo" agus do shín sé lasán chun an leipreacháin. "Á" arsa'n leipreachán "amadán iseadh tusa". Ní raibh aon radharc ag an bhfear ar an leipreachán annsan.