Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Cork
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí mac aige agus bhí an mach ana aerach agus d'fhanfadh sé amuich ist oidhche ag imirt cartaí go dtí timcheall do dhéag. Tug a athair cúpla fólaireamh do ach níor ghlac sé a cómhairle agus an rud ba mheasa dhe gur ag dul in olcas abhí sé. Aon oidhche amháin tháinig sé isteach ana dheanach ar fad agus luig sé ar an suidheacán agus thuit a codhladh air. Niorbh fada gur airig sé an fotramh agus dfeach sé mór timcheall air agus cad a chífhfheadh sé ach cómhra sínte ar an dtalamh. Luigh sé síos arís agus leag sé air bheith na codhladh agus ní raibh sé abhfad ag feitheamh nuair a chonnaic sé na pucaí ag teacht agus a mathair istig eadtora. Thug sé iarracht ar í a shaoradh ach bhí na pucaí ro laidir do agus is dócha go mbeadh deireadh leis ach gur labhair an coileach agus b'eígean doibh beith ag imtheacht
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Tuama
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ráth Thoir, Co. Cork