Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Thit fear ins a’ bhfaraige ag an dug i nGaillimh agus bhí sé dhá bháthadh. Shábháil fear eile é, ach nuair bhí sé dhá thabhairt i dtir bhain sé leathshúil as.
Chuir an fear a sábhaileadh annsin dlighe ar an
bhfear a shábháil é faoi chailleadh a leathshúile. Bhí
an chuís le dhul ag an gCúirt. Lá nó dhó roimh a gcúirt thárla go rabh an breitheamh a’ dul an
bhóthar agus chonnaic sé sgata gasúr ar thaobh a’ bhóthair agus iad a’ pléidhe na cúise eatorra héin, agus duine amháin acu ina sheasamh ar leic as a gcíonn mar bhreitheamh. Agus sén bhreith a’ thug an gasúr ar an gcúis: an fear a bhí dhá bháthadh a chaitheamh amach arís ins an áit chéanna agus ligean dó teacht i dtír uaidh héin annsin dhá bhféadadh(leanann ar an chéad leathanach eile)