Scoil: Teach Chaoin (B.) (uimhir rolla 6830)
- Suíomh:
- Teach Chaoin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Ó Maoilearca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bparáiste seo. Is le Seán Ó Collaráin é. Bhí a athair ina ghabhainn freisin. Ag cros bhóthar in Ahena atá sé. Atá sruthán ag rith in aice leis an Ceardcha cinn slinne é.
Tá an doras mar aon doras eile. Ní chomhnuigheann in aice leis. Tá na builg nuadh aimseardha. Níor dearnadh san áit d[s?]eo iad. Inneóin, casuír, uird, teannacair, umar uisge, liomháin, barraidhthe agus sgeana a bhíonn mar uirlisí ag an ngabhainn.
Cuireann an gabha cruidhthe faoi asail agus caiple agus deisigheann sé rudaí deanta de iarann a bhíonn briste. Ní dheanann an gabha acht cruidhthe, geatai, fonnsaí le haghaidh trucall, ceachta, luibearnaigh, pionnaí, céachta, grátaí tlú, agus deisigheann sé rudaí iarainn a bhíonn briste.
Deanann sé na fonnsaí amuigh faoin aer. Deirtear má craitheann tú uisce na ceardchan ort féin nach ndranfaidh na daoine maithe leat.- Bailitheoir
- Séamus Ó Maoilearca
- Inscne
- Fireann