Scoil: Cill Bheidhin (Kilvine) (uimhir rolla 16019)
- Suíomh:
- Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádhraic Ó Reachtagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Bheidhin (Kilvine)
- XML Leathanach 684
- XML “An Fíodóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an figheadóir a chuid pócaí le chlochaibh beaga agus chuaidh sé i n-áirde ar an gcrann. Nuair a bhí gach duine i n-a chodladh thainig triúr fathach. Chuir an té ba shine a ghualann leis an mballa chun é do leagann. Ar an bpointe seo bhuail an figheadóir ar an gcluais le cloich é. D'iompuigh sé thart go feargach acht ní fhaca sé aoinne. Dubhairt sé gurab é a dearbhráthair ab'óige a bhuail é. Thosuigheadar ag troid agus marbhuigh sé an fathach óg. Annsin chuaidh an beirt eile abhaile gan aon dochar a dhéanamh. Ar maidin tháinig an fear saidhbhir agus theasbáin an figheadóir an fathach dó. "Thainig na fathaigh aréir" ar seisean "agus bhiodar ar tí an caisleán a leagann nuair a mharbhuigheas duine aca". Annsin d'iarr an fear air cé mhéid a bhí uaidh chun aire do thabhairt dó an dara oidhche. Dubhairt an figheadóir go raibh dá céad punt uaidh agus tugadh dhó é. Ar tuitim na h-oidhche arís chuaidh an figheadóir i n-áirde ar an gcrann ag faire. Tháinig an beirt fathach arís sul i bhfad. Chuir an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Mhichíll
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Donnchadha Ó Michíll
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe