Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)
- Suíomh:
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chorraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rusgaigh (2)
- XML Leathanach 134
- XML “Tiarnaí Talún, Tionóntí agus Díshealbhú sa gCeantar Seo”
- XML “An Gorta Mór (1845-47)”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheagán airgid.
- Ó thús na staire tá cur síos anois is arís ar gorta ag teacht ar mhuinntir na tíre seo, agus is dócha gurb' amhlaidh an sgéal ag gach tír eile é. An chéad chúntas faoi ghorta in Eirinn baineann sé le ré na nDanar. Do mhill agus do scrios na barbaraidhthe seo rompa- daoine, barraí agus beithidigh agus b'é sin ba chúis leis an ngorta agus an ganntanas an uair sin.Obair d'én t-sórt sin freisin ba chionn-tsiocair leis an ngorta mór a tháinig ar an tír seo le linn gabhála an Bhrúsaigh sa gceathrú aois déag.Bhí an Mhumha in ann-chaoi le gorta is galar in aimsir Eirghe Amach na nGearaltach, sa séamhadh aois déag, nuair a rinne an Tighearna Grey sléacht agus sgrios ar dhaoine ar bharraí agus ar ainmhidhthe. Milleadh an biadh d'aon ghnó i dtreo's go gceannsóchadh an t-ocras na méirligh, agus gan aon amhras, b'éifeachtach an t-seift í, mar deireann stáiridhe áirithe, 'Ní raibh glór duine nó géimneach bó le cloisteál ó Chiarraighe(leanann ar an chéad leathanach eile)