Scoil: Cor-chloch (uimhir rolla 15014)
- Suíomh:
- An Chorrchloch, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Peadar S. Mac Dáibhidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cor-chloch
- XML Leathanach 14
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche MháirtínTá sean-nós ag na daoine fuit. Do dhortadh an oidhche sin in-ónóír do Naoimh Maírtín. Marbhuigheann siad ge no coileach agus cáitheann siad an thar an teach. Deirtear go n-imhtheóchaidh an mí-ádh leis an gceann.
Oidhche Bealtaine1) Tá nós ag na páistí blatha do scapadh ag na doírse an tráthnóna sin, leis an mí-ádh do choiméad on dteach.2) Duntar an boitheach an oidhche sin ar eagla go dtiocfadh aoinne isteach le na ba do chrúdhadh mar bheáfadh sé an t-im leis.
Lá Bealtaine1) An maidin seo nigheann na daoine a h-eadaín i ndrúcht an fhéir idreo nach mbeadh siad dóíghte ag an ngréin irith an t-Samhraidh.2) Bhí daoine ann agus bhí nós aca ropa cochaín do tharraingt ar an bhfeár, lá Bealtaine, roimh éirighe na gréine, idtreo go mnbeadh aca bainne na mbó abheadh ag feárach ar an dtalamh sin.3) Tá daoine ann agus ní thabharfadh siad aon úirlis no deoch bainne do duine an lá sin.
Óidhche EoinBíónn teine mór ag gach cros-bhóthar an oidhche sin. Bíonn sean agus óg ann ag rinnce is ag déanamh ceoil. Bíonn comórtas ar siubhal ag na sean-daoine, go mór-mhór(leanann ar an chéad leathanach eile)