Scoil: Sraith na mBannrach (uimhir rolla 3300)

Suíomh:
Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Eachmharcaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 27

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 27

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sraith na mBannrach
  2. XML Leathanach 27
  3. XML “An Gorta Mór”
  4. XML “Brian Rua - An Fáidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Gorta Mór (ar lean)

    I mbliadhain 1845 do mhair na hÉireannaigh go léir ar fataí.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    na h Éireannaigh an Creideamh Caitiliceach dhó, i gCiarraigh, Clár, Gaillimh, Sligeach, agus Mhuigheo. Roimh aimsir na gorta bhí gar le naoi milliún daoine sa tír ach indiaidh aimsire na gorta ní raibh ach sé milliún.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do bhí Brían Ruadh in a chómhnuidhe in aice le Béal Átha Mhuirid. Bhí an talagóireacht aige agus deirtear gurb é seó an chaoí a bhfuair sé é:—
    Aodhaire stuic do bhí ann agus lá amháin nuair a bhí sé amuigh thuit a chodhladh air. Núair a bhí sé in a chodhladh bhí brionglóid aige go bhfaca sé tarbh ag teacht isteach ar an bhfairrge imeasg na beithidhigh. Taréis tamaill fachthas do gur imthigh an tarbh aríst. Nuair a dhúisigh Brían chuaidh sé chómh fada leis an sagart agus d’innis sé an sgéal dhó. Dubhairt an sagart leis an chéad cuid de bhainne an chéad bhó a mbeadh gamhain aicí a thabhairt chuige féin. Nuair a rug an bhó d’imthigh Brían Ruadh chuig an sagart le cana de’n bhainne. Ar a bhealach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mártan Ó Tuathchain
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Liam Ó Tuathchair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    53
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Bléin na gCaorach, Co. Mhaigh Eo