Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)

Suíomh:
Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eoghan Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 395

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 395

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Caisil
  2. XML Leathanach 395
  3. XML “Pisreogaí”
  4. XML “Thart an Bhróg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Dá mbéadh bó tinn agus do chuirtheá fios ar fhear go mbéadh leigheas aige. Thiocfadh seisean agus dhéanfadh sé sgrúdú ar a bhó agus bheadh fhios aige an raibh an galar áirighthe seo uirthi. Dhearfadh sé annsin go raibh "Caitheamh Saighid" uirthi - sé sin gur chaith na sífreógaí clochaí beaga [Saighdeannaí a thubhairtheá ar na clochaí sin] léithe nuair a bhí sí amuigh ar a' gcruc. 'Sé chaoi a mbéadh fhios aige gurab é sin an galar a bhí uirthi ná í bheith fuar i mbun na n-adharc agus an rioball a bheith marbh [so-lúbtha].
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraic Ó Ciaráin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo
  2. (ar lean ón leathanach roimhe)
    duine agus bheadh a tabhairt buille do'n fear istigh. Leanfadh siad ortha mar sin go dtí go bhfaigheadh an fear i lár baill an rópa ag duine éicint, agus an duine go bhfaigheadh sé aige é caithfeadh sé dul isteach, agus do shuidhfeadh an fear eile síos ar an úrlár. Dá mba amadán a bheadh istigh bheadh sé te go maith sar a ngeobhfadh sé an rópa ach dá mba deagh fear a bheadh ann ní bheadh sé I bhfad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.