Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)

Suíomh:
Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eoghan Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 406

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 406

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Caisil
  2. XML Leathanach 406
  3. XML “Scéal an Mhí-Áidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Agus nuair a fuair sé thíos an Mí-Ádh léim sé h-éin aníos agus chaith sé an scraith anall ó's a chionn agus d'fhág sé annsin é. D'imthig leis agus líon sé cliabh móna agus thoisig sé a triall abhaile. Nuair a bhí sé a 'gul thar sean-chlaidhe, sgéith bruach an chlaidhe leis, agus céard a gheóbhfadh sé ann ach pota óir. Chuir sé an pota sa gcliabh agus móin os a cionn agus fuair sé abhaile. Fuair sé suas 'un a seómra beag a bhí aige leis a gcliabh; agus d'fhiafruig an bhean de tuige a ndeachaidh sé suas 'un a seomra leis a gcliabh.
    "Á ná labhair," ar seisean, "fuair mise pota óir - chuir mé an Mí-ádh faoí'n scraith a bhí a siubhal liom ariamh - agus tá mé saidhbhir anois - ach ar a bhfaca tú ariamh na h-innis go aoinne é."
    D'imthig sé lá'r na bhárach agus cheannuig sé beithidheach agus cairt, agus fuair sé 'un a mhargaí. Thug sé ualach na cairte go 'chuile shórt stuif leis agus rinne sé bainfheis as coimse go na córsanaí. Ní raibh fhios ag mraoí a' bhfear saidhbhir sa donas cé mar fuair sé an t-airgead, agus shíl sí gurab é an dritheár saidhbhir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0735: The Rich Man's and the Poor Man's Fortune
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraic Ó Tuathail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo