Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 430
- XML “Bréag Éireann”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Rug sé greim dhá láimh orm --
"Céad míle fáilte agus sláinte rómhat. Is tú an bréagadóir is feárr a casadh ormsa go fóil."
"Agus má's bréag é sin bíd sé i mbéal a mhadaí," arsan seanchaidhe (gan teideal)
“Bhí easbog i dteach a' phobail in éis aifrinn a rádh agus sheas sé ar an altóir.”
Bhí easbog i dteach a' phobail in éis aifrinn a rádh agus sheas sé ar an altóir.
"Bhfuil fear a bith sa teach a thiocfadh leis a innsint dom go céard is goirre cabhair Dé ná 'n doras?"
Bhí sgoláire bocht ins a teach. Shiubhail sé suas.
"Bheul," ar seisean, "á dtiúrthá an maide buidhe sin atá agats' dom-sa, agus a chulaith dheas, ínnseó mé duit é."
Thug sé an maide buidhe agus an culaith aifrinn dó agus chuir sé air iad.
"Bheul a chruinniú," ar seisean, "Ínnseó mé díbh go céard is goire cabhair Dé ná 'n doras. Bhí mise in mo sgoláire bocht tá cúig móiméad ó shoin ann, agus tá mé in m'Árd Easbog anois."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Éaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo