Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 477
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalBí fear in a chómhnuí i Sligeach aon am amháin. Bhí sé póstaí agus bhí cúigear clainne aige. Bhí siad an bhocht. Bhí an bean go síor a clamhsán agus a ráit agus a ráit go gcaithid sé rud éicínt a shaoíthrú go na páistí. Thug sí milleán mór do an lá seo agus dubhairt sé leis h-éin go gcaithid sé rud éicínt a dhéanú.
D'fhág sé an teach agus fuai' sé ar fáirnéis máighistir. Bhí a siúlóid ar feadh seachtmhaine agus sháruig air aon mháighistir fhághail, ach an oíche seo agus é an tuirseach tháinic sé isteach i dteach feilméaraí. D'innis sé go'n feilméar mar thárluí - go raibh bean aige agus cúigear páiste agus nách raibh tadaí aca le n-ithe, agus go mba mhaith leis máighistir fhághail a choinneóch tamall é.
Chuir sé aimsir air go ceann naoí mí Nuair a bhí na naoí mí istigh -
"Tá d'aimsir thuas iniuf," ar seisean. Tá sé chómh maith agat na pí'neachaí sin a thabhairt dom, mur's tá faitíos orm nách mbei' aoinne beó róm leis an ocras."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eoghan Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Achaidh Thiar, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Raghallaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo