Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 509
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.Bhí fear ann fadó shoin agus bhí mac aige agus bhíof an mac seo a déanamh fios. An t-am sin bhíof ar na daoine a dhul go dtí an gabha le spáid a dhéanamh dóibh. An lá seo bhí spád a teastáil ó'n bhfear agus b'éigin do a dhul chuig an gabha le ceann a fhághail. Nuair a bhí an fear ag imtheacht dubhairt an mac leis -
"Tóigfi' an gabha an chéad spád, agus caithfi' sé úai' é agus bei' sé a tochailt a chinn. Tóigfi' sé an dara ceann annsin agus caithfi' sé uaidh é mar an gcéadna agus bei' sé a tochailt a chinn a chó maith. Ní bhei an dá spád sin déanta i gceart aige agus ar d'anam ná tóig aon cheann acú, mar bhí sé a tochailt a chinn i ndiai' gach ceann acú a dhéanamh. Annsin tóigfi sé an tríomhadh ceann len' a dhéanamh agus nuair a bhéas sé deanta aige, leagfai' sé uai' é agus ní bhei' sé a tochailt a chinn cor ar bith. Bei' an ceann sin déanta i gceart aige agus tig leat an ceann sin a thabhairt leat.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Kitty Corrigan
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo