Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)
- Suíomh:
- Poll an tSómais, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Proinnsias Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Poll an tSómais
- XML Leathanach 507
- XML “Lag na Fola”
- XML “Cnoc na Lobhar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tá cromleach, tá dá chloich, móra leagtha ar a gciumhais, agus ceann mór, cam, leagtha mar hata orrtha.
Deirtear go raibh cuid den na taosaigh a marbhuigheadh ag lag na fola curtha faoi an gcairig seo.
Is mór an truaigh nar tháinig aon fhear cliste rimah go dtí an áit ag iarraidh ceist na háite seo do réidhteach. - Croc na Lobhar.Baile é seo timcheall míle san dtaobh thiar, theas de Phollatsoghmais.
Fuair sé a ainm ó dhream, a raibh aicíd, aisteach ar a gcroicne. a bhí an thógalach, a chur fuatha i dtaobh an fhascaidh de'n chnuc seo tar éis iad a bheith díbrighthe ón áit in a raibh siad in a gcomhnuidhe, in Eilí taobh istig de Bhéal a Mhuirthid.
An céad dhuine a bhuail an aicíd é bhí sé cois na fairge oidhche, agus chualaidh sé gleó, agus clampar aisteach mar a bhéadh(leanann ar an chéad leathanach eile)