Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 086
- XML “Willie an Gabha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)diabhal chuige aríst agus dubhairt sé leis go raibh sé i n-am aige a bheith teacht, go raibh deich mbliadna caithte. "Maith go leor", ars Willie, fan go réidhtighidh mé mé féin. Thug sé an chathaoir cheudna do'n Diabhal le suidhe uirri acht ní ghlacfadh sé í. Chuir sé a dhruim leis an mballa an fhad i's a bhí 'ga réidhteach féin. Nuair a bhí Willie réidh dubhairt sé leis an Diabhal a bheith teacht acht nuair a chuir seisean a chos amach le siubhal bhí sé greamuighthe do'n bhalla. Thoisigh sé ag sgréachaighil agus dubhairt sé le Willie go dtiubhradh sé cúig bliadna eile dhó agus a shaith airgid dá leigeadh sé abhaile é. Leig Willie an diabhal abhaile, bhí a sháith airgid aige ar feadh cúig mbliadhan eile agus ní dhearnaidh sé aon obair ar feadh an ama sin acht oiread le 'riamh.
Nuair a bhí na cúig bliadna thart thainic an Diabhal agus dubhairt sé go raibh cúig bliadna caithte anois agus go gcaitfeadh Willie a theacht leis an uair seo. Dubhairt sé leis an Diabhal a theacht anios go dtí an teine an fhad i's bheadh sé 'ghá ghléasadh féin acht nior ghlac mo bhuachaill an cuireadh. D'fan sé ag an doras go raibh Willie réidh. Nuair a bhí siad ar an mbóthar ar deireadh ní dheachaidh siad i bhfad gur casadh teach óil orra.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Muinchille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo