Scoil: Beannchor Iorrais (uimhir rolla 13684)
- Suíomh:
- Baingear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Énrí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Beannchor Iorrais
- XML Leathanach 128
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fáilte rómpa.
"Céad mile fáilte agus sláinte rómhaibh a Ghuil, a Chonáin agus a Mhionáin" ar seisean. "Go raibh mile maith agat" ar síad-san agus ionghnadh an domhain orra go raibh aithne ag an sean-fhear orra. Réidhtigh sé suipéar dóibh agus bhí blas na meala ar gach aon greim agus gan an dara greim de aon bhiadh ann.
Núair a bhí a sáith itte agus ólta acú thosuigheadar ag cainnt agus ag cómhradh le chéile agus leis sin thugadar fá dheara úan reithe thíos i dtóin a tighe. "Gabh síos a Ghuil" arsa an sean-fhear agus féach le cor a baint as an úan. Síos le Gol agus is annsin a thosuigh an corráil. Bhain Gol an chéad corr as an úan agus bhain an t-úan dhá chorr as-san in-a dhiaidh sin agus annsin stad síad.
"Bhfuil a fhios agat a Ghuil cé hé sin" arsa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Shuibhne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Áit an Bhaile, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Móráin
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Áit an Bhaile, Co. Mhaigh Eo