Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)

Suíomh:
An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Chróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 107

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0136, Leathanach 107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eachléim
  2. XML Leathanach 107
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Tá cloch eile i ngár di agus go leor poll istigh innti.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    fauchadh anios i lár an tobair agus ag sileadh in a sruthán mhór isteach san bhfairrge. Bhí an díon a bhí air cosamhail le díon tighe. Ar a mhullach bhí cros acht bhris an gáladh agus tá go leór de na clochaibh sgaptha anonn is anall. Tá sé le feiceál go fóíll ach go bhfuil go leór clocha bána tuitte isteach ann.
    Tá áit eile idir an dá oileán ar a dtugtar leac na mbó agus tá mar a bheadh seómra ann acht níl aon mhullach ortha. Tá na sean daoine i rádh gur tighthe bhí annsin fadó is go bhfuil siad ithte ag an bhfairrge. Tá an méid clocha atá ann chomh mín le sgathán. Tá áit eile i ngar don fhairrge mar a bheadh oileán beag. Níl sé acht tuairm is fiche coiscéim ón gcloich mhóír. Sé an t-ainm atá air ná leanna ghuirm. Níl dadai ag fás ann acht an méíd seamróga atá ann. Is ann a théígheadh muinntir na n-oileán ar lorg seamrógai le h-aghaidh Lá Féil Pádhraig. Níl fhios ag duine ar bith cé'n fáth ar tugadh an t-ainm sin ar an áit in aic ena h-áite sin tá uaigh darb ainm uaigh Thaidg. Sé an fáth ar tugadh uaigh Thaidg uirthi bathadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Antaoine Ó Maoineatháin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Breathnach
    Inscne
    Fireann