Scoil: Baile an Chaisil B.
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí airm Ghuaire a bhí sa dhun ag fághail lamh in uachtair orra, agus thoisigh airm an Easbuig ag druidim siar, mar eadh, lean airm anRíógha iad. Mealuigheadh trí criatrach agus trí portach iad agus nuair bhí a neart contabhairt ann, tháinig an dara leith d'airm an Easbuig in a ndiaidh, agus ní raibh aondul amach ag airm an Riógha. Marbhuigheadh gach mach mathair dhíóbh agus Guaire na measc. Cuireadh iad agus a ríógh. Rinneadh puill agus cuiread ochtmhar no naonbhar dhíobh i ngach ceann. Cuireadh "Carn" os cionn gach uaighe. Tá na cárnán le feiceál go fóíll. Tá rían an dúna idir an "Cathairlín Geal" agus an fhairrge.Deirtear gur san t-SEACHTMADH aois a thárla sé seo.
DÚN GUAIR (Ghuaire) - Tá poll nó pluais ar a tugtar Dún Guaire i gCill Bhrighídhe, thimcheall mile ó Dhún Éinigh. Deirtear gur in am chogaidh nach marbochaidhe go deó duine a rachais isteach san phluais sin. Chuaidh mada síos an tráth agus an oidhche sin cualadh é ag tafaint shíos faoín talamh, ag Ceathramha an Éadain, thimcheall is míle ó'n áit a ndeachaidh sé síos.- Bailitheoir
- Máirín Bean de Búrca
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mártán Maol Fhabhaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Dún Fhíne Íochtarach, Co. Mhaigh Eo