Scoil: An Cheathrú Mhór
- Suíomh:
- Ceathrú Mhór Leacan, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Glacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)as teach is a mháthair in a dhiaidh agus bata ina ghlaic aice. Ní raibh sí indonn teacht suas leis an ngasúr agus dubhairt sí. "Go dtugaidh an deamhail leis thú."
"Bhfuil an buachaill agat" arsa an baille leis an deamhail. "Ó, níl" ar seisean "ní ó na croidhe a dhubairt sí é."
Siubhal leo ar feadh i míle den bhóthar. Rith gasúr amach as teach. D'féach sé ar an mbóthar, agus chonnaic sé an báille. Rith sé isteach arís chun na tighe agus dubhairt le na mháthair.
"Ó a mháthair seo é an baille a' teacht". "Ó, [?] dtugaid an deamhail leis an baille sin a niúirnín" ar sise. "Béidh tusa agam anois" arsa an deamhail. "Is ón a chroidhe a dubhairt sí é."
D'aduigh sé leis an baille má's fíor é an sgéal acht ná tá an bhréag ann, ní mise a dhein suas é.- Bailitheoir
- Áine Ní Giolla Riogh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Slinneadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Slatehill, Co. Mhaigh Eo