Scoil: An Cheathrú Mhór

Suíomh:
Ceathrú Mhór Leacan, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
P. Ó Glacáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0141, Leathanach 67

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0141, Leathanach 67

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cheathrú Mhór
  2. XML Leathanach 67
  3. XML “Fir agus Mná Déirce”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chéad ceis a chuirfeadh na daoinibh ortha an chéad uair a thagadh siad an bhealach, "cérbh as tú? " "Cen áit ar chodal tú aréir?" "An bhfuil aon sgéal nuaidh agat?"
    Anois agus arís thagadh sean-saighdiúir ag iarraidh déirce.
    Bhíodh an teach a chaitheadh sé an oidhche ann líonta le daoine ag éisteacht leis innseacht na h-iongantas a chonnaic sé.
    Nuair a bhí an fear a thug an sgéal seo dhom ina pháiste, tá cuimhne aige a bheith ag éisteacht le sean-saighdiúir ag innseacht nuair a bhí sé ins an India Thoir, go raibh sé faoi neasacht cúig míle ón áit a raibh an ghrian ag éirghe. Dubhairt sé nár fhéád sé a' dhul níos goirre dhó leis an teas.
    As poll mór insan dtalamh a tháínig an ghrian anuas, adubhairt sé. Do chreid na daoine go léir é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Ghiolla Riogh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Loinn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cappagh, Co. Mhaigh Eo