Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn

Suíomh:
Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Tomás Ó Faoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 2

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 2

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn
  2. XML Leathanach 2
  3. XML “An Seanphobal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Sean-Phobal
    Deirtear gurbé seo ceann de sna paróistí is ársa in Éirinn.
    Fuaireas cúntas ó seanfhear a tháinig abhaile ó America ach ní cuimhin liom a ainm. Do chas sé ar Americá arís.
    Ní ansa.
    D'réir deallraim bhíodh dhá phobal sa pharóiste tamall dá raibh. Pobal díobh ag freastal ar Chill Colmáin agus Pobal eile díobh ag freastal ar shéipéal Baile-Mhic Airt. T'réis tamaill níor léigheadh ach aon aifreann amháin sa Pharóiste agus léigheadh é sin i Séipéal Baile Mhic Airt.
    Nuair a tháinig pobal Colmáin aneas ghlaodh an seanphobal ar an dream sin agus gur de sin a d'aimnigheadh an seanphobal ó shoin.
    2. SeanPhobal
    Glaodhtar an ainm sin ar an bparóiste toisc an ársaíocht a bheith ag baint leis. Deirtear go raibh an creideamh sa seanphobal i bhfad sar a tháinig Naomh Pádraig go h-Éirinn.
    Naomh Colmán - Naomh de naomhaibh na h-Éireann- ba thúisce a bhí ann agus a chraol an creideamh sa seanphobal.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Faoláin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge