Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)

Suíomh:
Aird Mhór, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Risteárd Neancól
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 016

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 016

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Leathanach 016
  3. XML “Caoineadh Eile”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí bean taobh shíor de Dhúngarbhan, go raibh feallseán aici agus d'eirigh mé maidean amháin shíl mé go raibh sé in a lá, dar ndóigh níor d'eadh ach lár na h-oidhche a bhí agam.

    Bhí bean taobh shíor de Dhúngarbhan, go raibh feallseán aici agus d'eirigh mé maidean amháin shíl mé go raibh sé in a lá, dar ndóigh níor d'eadh ach lár na h-oidhche a bhí agam.
    Bhí mé ag déanamh amach ar Crosaire Cadhla agus dorchuigh sé suas sa t-slí go raibh sé comh dubh le tón an phúca ní fheadar mé cá rabhas agus ní fheadar mé cá ragainn.
    Chonaic mé solus timpeall mór ó bhaile agus dhein mé ar an solus. Nuair a chuaidh mé isteach bhí fear á thorramh ann. Bhí triúir nó ceathrar daoine ann. Nuair a bhí mo phaidreacha ráidthe agam d'imíodar san abhaile. Ní raibh aoinneach ann ansan ach mé féin agus bean an tighe. I gceann a bhfad anonn tháinigh stollaire mór fir isteach agus bhuail sé suas sa seomra. I gceann tamaill chuir bean an tighe cáirt bainne síos á theidheamh agus thug dom le n-ól é.
    "Fan ansan" arsa sí "go mbeidh sé ina lá"
    D'imigh sí suas sa seomra agus d'fhág ansan mé. I gceann tamaill eile chonaic mé an fear a bhí á thorramh ag éirí aniar. Bhí mé chun scréach a chur asam nuair a chonaic mé é le neart eagla. "Ná tagadh aon scath ort a dheirbsúir" arsa sé. "tá sé agam sa deire".
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eibhlís Bean Uí Bhruadar
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 60
    Seoladh
    Áth na Croise, Co. Phort Láirge