Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)

Suíomh:
Aird Mhór, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Risteárd Neancól
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 039

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 039

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Leathanach 039
  3. XML “Scéalta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. D'airigheas feirmeoir ag insint an scéal seo. Gur d'éirigh sé maidean Bealtaine chun na ba a thabhairt isteach. Fear mór madraí ba eadh é agus bhí cú lena chois ag imtheacht.
    Nuair a thángadar comh fada leis na ba cad d'eireochadh amach óna chosa ach girrfiadh. Seo chun siúl an cí ina dhiaidh. Bhí bothán tighe i mbun páirce a bhí tamaillín uatha agus chonaic an fear an girrfiadh ag dul i dtreo an tighe. Chuaidh an girrfiadh isteach tré fuinneóg bhig a bhí i gcúl an tighe nach thug an cúsnab uirthi agus bhain fuil aisti. Sean-bhean a bhí ina chónaí sa tigh seo léithe féineach, nuair a tháinigh an fear comh fada leis an áit d'oscail sé an doras is chuaidh isteach mar bhí sean-aithne aige ar an mbean. Chuaidh sé síos sa seomra mar shíl sé go mbeadh an girrfiadh ann, nuair a chuaidh sé síos cad a chonaic sé nach an sean-bhean istigh sa leaba agus braonacha fola treasna an úrláir.
    "An bfeacighis aon girrfiadh" arsa sé léi.
    "Ní fhaca mé" arsa sí. "Nach beir leat an diabhal cú ón bhfuinneóig sin"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Bruadar
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Áth na Croise, Co. Phort Láirge