Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Risteárd Neancól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Leathanach 056
- XML “Naomh Pádraig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Go doch an mhaidean sin cé thiocfadh go dtí an tigh nach an tSicín. Bhí muinntir an tighe an-tré-na-chéile. D'fiafruigh sé díobh an raibh aon stróinsear aca sa tigh agus dubhradhar go raibh: "bhfuil sé istigh" arsa se? "Tá" arsa siad. "Tá sé in a chodladh fós." "Is fada aríst a mhúchfaidh sé sin aon solus orm-sa" arsa sé ag dul go dtí an seomra. "Dé chúis a mhúch tú an solus san aréir?" arsa se le Pádruig "Mar nach solus ceart é" arsa Pádruig. Bhí buideal beag dubh in a laimh agi'n t-Sicín. "An n-ólfá an deoch seo" arsa sé le Pádruig. "Ólfaidh mé" arsa Pádruig Chuir sé amach i ngloinne é sa t-slighe go nólfadh Naomh Pádruig é. Rug Pádruig ar an ngloinne, bhain sé fioghar na Croise ós cionn an ghloinne agus d'ól sé an deoch. D'imigh an t-Sicín leis agus áthas air. Shíl sé go raibh deire le Pádraig mar bhí nimh sa deoch aige. Nuair a bhí sé imighthe d'eirigh Pádruig agus d'iarr ar bhean-an-tighe cá raibh comhnuidhe ar an Sicín. Shíor sa ghleann san a' bhfuil na daoine ag cáthadh arbhair. Nuair a chonnaic an tSicín Naomh Pádruig ag teach tháinig eagla air agus dhein sé gráinne coirce dó fhéin agus chuaidh sé i bhfolach sa charn. Bheannuigh Naomh Pádruig do's na daoine agus bheannuigheadar san dó. "Cá bhfuil an tSicín?" arsa Naomh Pádruig. Dubhradar leis go raibh sé imighthe i bhfolach sa gcarn luachán. "B'fearra dhíbh dul i leath-taoibh" arsa N. Pádruig "tá codladh ar an bhfear sa. Chuadar i leath-thaoibh. Thóg Pádruig a leabhar amach agus thosnuigh ag léigheamh tharraing sé an dá ghleann i gcoinne a chéile agus tá an t-Sicín sa(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Loinnsigh
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 65
- Seoladh
- An Currach, Co. Phort Láirge