Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)

Suíomh:
Aird Mhór, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Risteárd Neancól
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 072

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 072

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Leathanach 072
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear in Eochaill roinnt bliadhanta ó shin gur b'ainm dó Seán Treó an Leathair.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Tá mé á cur sa phúnda" arsa fear na banríona "mar ní fheicim aoinne na bhun". Leag Seán Treó a lámh ar ghualainn an fir eile agus dúirt sé leis é thógaint socair ná beadh an fear a b'fhad gur péire buinn a bhí uaidh. Tháinigh an feirmeoir amach nuair a bhí na buinn ceannaithe aige agus sheasaigh sé ós comhair an dorais agus d'fhéach a an ainm a bhí ós cionn an doras agus dúirt :-
    "Tigh Sheáin Treó a rachaim, nuair a braithim bonn óm bhróig siopa go bhfuil croiceann breach na seafaide agus croiceann laoigh go leor agus nach neagarach á aon freagra díol leathair le cailín óg"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí sagart lá ag dul go h-Éochaill.

    Bhí sagart lá ag dul go h-éochaill. Bhí fear bocht ag imeacht roimh agus asal agus pota aige. Nuair a tháinigh an sagart suas leis dúirt sé leis casadh agus feach arsa an sagart leis an bhfear bocht i lár an bhóthair agus gheobhaidh tú píopa leath coróinneach ann. Cas sé agus nuair a tháinigh sé go dtí an áit adúirt an sagart leis cad a bheadh a'siúl treasna an bhóthair nach deargdaol. Chas sé an sagart "Bhfuair tú é" arsa an agart. "Ní bhfuaireas athair" arsa sé.
    "Cad a chonaic tú?" arsa an sagart
    "Deargadaol" arsa an fear bocht
    "Ó" arsa an sagart "sé an cairseoirsna chuir an leath choróinn ansan shíl sé go dtiocfainn annús dem capall agus beadh seilbh ar m'anam aige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    3. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Labhrás Ó Dúnaighe
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lios an Rabhaidh, Co. Phort Láirge