Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge (uimhir rolla 16735)

Suíomh:
Port Láirge, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0653, Leathanach 230

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0653, Leathanach 230

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Christian Bros., Manor St. Cathair Phortláirge
  2. XML Leathanach 230
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Do pósadh Mícheál Ó Dálaigh agus do mhair é féin agus a bhean a bfhochair a chéile go ceann fice blian.

    Do pósadh Mícheál Ó Dálaig agus do mhair é féin agus a bhean ibhfocair a chéile go ceann fice blian. In deire an ama sin seoladh cucha beirt mach agus nuair d'airigh Seán Ó Muirgheasa a'sgéal déin sé dán don mhac ba shine.
    Is mithid domhsa labhairt chun teastas díobh a thabhairt
    Ar adhbhar a'gaisgidh seo tá fonn glégeal
    Chuir an Tighearna chugainn mar chabhair
    Ag sinne rot[?] go fann (roimhe)
    Ag Sasanaigh gach am dá n éileamh
    Níl quacaire ins an domhan, ná Iudach leath an ceann
    Ná leacfadh i n gabhail a chéile
    Thabharfadh sé Eire dhúinn, gan cíos, gan srath, gan taxcsisí
    Nuair a thiocfaidh chugainn an cabhair Ó Mic Meaghann anall
    Agus baileothaidh dream na h-Éireann
    Sgriosfaidh sé chun siubhal gach duine ná fuil umhal
    Chun seasamh i mbrath cumhartha an Aon Mhic.
    'S beidh Liutar is a bhuidhean go tréith lig
    Is aoibhinn a dhream go bhfuil aoigh des na gceann
    Tá cíora de phlanndaí Liutar
    Tá an Seeker sa chrann, sínte go bhfann
    'S an Preisbitéaraigh sa drom gan chomhra.
    Tá an Swadléir go dubach go treascaire fé smúit
    Is níl súil aige le músgail coidhche
    Mar thá Cionnáth ceann na nGaedheal, A mhúsgail [?] féin don saoghal
    Ag é plannda sa bhféith Ó Dála.
    Seekers:-B'sin dream a bhí ann fadó agus bíodh siad a gabháilt timcheall ag árdú na gcloch mar cheap siad go bfuighidís Dia fé na clocha san. Ní bhfuigheann a rádh cérbh é an Dia a bhíodh acu ámh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Muirgheasa
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gleann Seasc Beag, Co. Phort Láirge