Scoil: Learga na Saorthach (uimhir rolla 14888)
- Suíomh:
- Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cathal Mac Suibhne
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1040, Leathanach 99](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1040%2FCBES_1040_99.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1040, Leathanach 99
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhéadh sé mór, agus ní rabh fhios aige caidé'n a mharbheochadh sé é. Bhí sé thoir [?] am amháin ag teach an tinnceára, agus d'fiafruigh an rí de an rabh duithbhir a mhac a chur fad le na inghean le litir. Dubhairt seisean nach rabh. Dimtigh sé leis an litir, agus bá h-é an rud a bhí sa litir é a mharbhad nuair a rachadh sé ann. Shiubhal sé leis go dtáinig an oidhche. Chuaidh sé isteach ag iarraid loistín, agus dubhairt bean an toighe leis go rabh triúr mac aicí, agus é bheith sa teach go marbhadh siad é, agus diarr sí air teacht léithe fhad le sgiobal. Dubhairt sí leis fanacht ann go maidin, agus nuair a bhí sé na chodladh léigh sí an litir, agus sgríobh sí litir eile, agus bá h-é an rud a chur sí ann nó é a pósadh nuair a thiocadh sé fhad leis an teach. Lá thar na bharach nuair a bhí a bhreisfeasta deánta aige dimthigh sé. Nuair a tháinig sé fhad(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Mac Giolla Cheárr
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Chearrbhaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Niall Mac Giolla Chearr
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Chearrbhaigh, Co. Dhún na nGall