Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus d'fhan siad fhéin taobh amuigh. Thoisigh an gleo acu annsin agus bhí siad ar nós glór catha. Mhusgail Conan taobh istoigh agus shil sé gur namhaid abhí ann agus rinn sé iarracht éirigh acht, mo lean! Bhí sé ceangailte d'on talamh. Acht níor chur sin bach ar bith leis óir bhí sé de naduir ann troid agus éisteacht. Le sin leim sé o'n talamh de ruathair agus le trean feirge agus laidreachta strac sé an ghruaig agus an croiceann da cheann agus d'fhag sé indiaidh é, ar na bacain a bhí sa talamh. Amach leis agus nuair a chonnaic sé caide an cleas a h-imrigheadh air thainic reacht feirge ar agus níor leig sé air gur cuireadh as do gidh go dearnadh go leor magaidh faoi go dtí an oidhche.
Níor leig Conan ar dadaidh acht smaointigh sé ina intinn fhéin caide bfearr adéanamh. Sa deireadh ceas sé seift connus go mbéadh dioghaltas aige as na mná ó rud é gur bhain siad an croiceann de bharr a chinn go rabh sé de cheart aige-san an phian cheadna a chuir orta-san is cur siad-san ar-san. De bhar sin d'imthigh sé leis agus níor stad sé gur shroich(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomas 'Ac A Goill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Sceadamán, Co. Dhún na nGall