Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 239
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé ina chomhnuidhe i Cnó na Caortainn agus bhí an fhear seo an tugtha do bhéith ag imirt cardaí.”
(ar lean ón leathanach roimhe)imirt tamall fada. Dubhairt sé go rabh sé a trí a chlog agus go gcaithfeadh sé gabhail abhaile., acht ní éisteocfaidh an fear eile leis. "Cluiche amháin eile" arsa seisean, acht nuair a bhí an cluiche sin thart ní leigeadh abhaile é ach oiread.
Caidé tharlaidh ar an chluiche deireannach acht gur thuit ceann de na cardaí. Chrom an fear síos leis an chardaí a thógail acht caidé chonnaic sé acht go rabh cosa capaill air. Scrannruigh an fear eile fríd lár an bhealaigh mhóir. An diabhal a bhí ann. Bhí muinntir an fhir eile amuigh a chuartughadh agus fuaireadh é ina luighe ar thaoibh an bhealaigh mhóir agus é leath mharbh agus tugadh abhaile é.