Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 241
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí sean iasgaireacht ann fado agus bhí sé ina comhnuidhe i Rós Beag.”
(ar lean ón leathanach roimhe)seo, tháinig bád eile isteach ag Ros Beag agus chuaidh sé ar seachrain agus bhí an oidhche ann. Chonnaic na daoine a bhí ins an bháidh an solas seo agus bhí fhios acu gurbh bád eile a bhí ann. Agus thoisigh siad ag tarraingt air. Bhí siad ag teacht an-chomhgarach don t-solas agus an bád anois; agus chonnaic siad na daoine a bhí ann. Bhí ceithre daoine ann. Nuair a bhí siad ag gabhail a chainnt leo chuaidh an bád fríd an uisge agus ní fhacaidh siad é ní ba mhó. Chuaidh an bád eile go dtí an cladach agus d'innis siad an rud a tharlaidh. Bhí fhios ag muinntear Ros Beag gurb be an t-athair agus a thrí mhac a bhí ann.