Scoil: Árd an Rátha (uimhir rolla 1733 or 12242)
- Suíomh:
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Caiside
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd an Rátha
- XML Leathanach 334
- XML “Eadar an Chaiseal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)IV
‘Sé Brian i mBárr Coilleadh a míneochadh díobh tuilleadh
Má síleann sibh gur chan mé bréag libh
Gur brúthamhail brionnamhail dúbailte – tuilleadh
[Dubh??dh] na gcnoc le sméara
Tig ubhlaí ar crannaibh ann croannaí ar callaibh
Ag umhlughadh faoi bharr na nGéaga
As gur i gcúl Chroc Lagconnaidh (Lagainna) tá súgh-craoibh na cruinne
Agus duimheanna (duimhaigheanna) geala glé-gile.
V
i gCruach an t-Sagairt ‘ta an sógh nach méara béith dá chómhair
níor b’éagal dúinn gan feoil Mhart a fhághail
Aiteas agus [?pórt] imirt agus ól
Morán de cheol chlairsighe
Lilí agus róis i n-imeall a róid
Agus morán de phorthaibh gárraidh
Dubh shlán dá bhfuil beo no marbh ariamh go fóil
Sneacht fheiceal ann na deor báistighe.- Faisnéiseoir
- Bean Phaidí Uí Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sceadamán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Sheiblin
- Inscne
- Baineann