Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 242
- XML “Scéal Beag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal Beag
“Bhí fear ann fad o shoin darbh Séamus Bán. Ba gnáthach leis gabhail dh'áirneál gach oidhce go teach a bhí i g-cúl an chnuic.”
Bhí fear ann fad o shoin darbh Séamus Bán. Ba gnáthach leis gabhail dh’áirneál gach oidhce go teach a bhí i g-cúl an chnuic. Bhí an teach giota fada ar shiubhail agus b’éigean dó gabhail trasna an chnuic. Oidhce amháin nuair a bhí sé ag gabhail a dh’áirneál casadh sgairte sidheog air agus d’iomchur siad é giota fada nó go dtáinig siad go dtí an fhairrge. Bhí an eagla ar Séamus nó shíl sé go gcaithfead siad é amach san fhairrge.
Nuair a tháinig siad chomhgarach dó’n fhairrge d’fhag siad Séamus síos agus bhí an eagla air. Annsin chuaidh na sidheogaí isteach ins na carraigeacha. Nuair a bhí siad ar siubhail d’éirigh Séamus agus chuaidh sé abhaile agus ní dheachaidh sé dh’áirneál ó’n lá sin go lá a bháis.- Bailitheoir
- Seaghain O hEigheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall