Scoil: Cill Chartha

Suíomh:
Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 284

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 284

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chartha
  2. XML Leathanach 284
  3. XML “Cill Chartha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ceallaibh acht ní b'fuaras amach caidé thárla do'n Choroin Mhuire.
    Ins an tsean roilig atá annseo tá go leor leac caithte thall as i bhfos agus feart laoidhthe scríobhtha orra acht is iongantach an rud é gur i mBéarla atá siad uilig scríobhtha agus cuid aca scríobhta comh fada siar le 1600 agus rud eile ní rabh an focal Béarla ag aon duine as an cheanntar go dtí le fíor ghoirid.
    Bhí muileann ins an baile seo ins an am a chuaidh thart, níl a lorg féin indiu ann act go bhfuil árdan beag annsin a dtugann na daoire Árd a'Mhuilinn air comhgarach dó'n áit a rabh sé.
    Tá teampull gallra ar an bhaile seo fosta acht ma tá féin níl os cionn cúigear le dul fhad leis Domhnach ar bith sa bhliadhain.
    Tig ministir as na Ceallaibh le freastal orra. Togadh é in 1828.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall