Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)

Suíomh:
Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brian Ó Breisleáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 1

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 1

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Straleel
  2. XML Leathanach 1
  3. XML “Local Tradition - Na Dálaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí cogadh na nBór ag dul un toraigh agus bhithear ag cainnt fa dheireadh an t-saoghail agus chualaidh mé fein mo mhathair mhór – Cait Ni Dhomhnaill – atá i na comhnuidh i Srathlaoighfheoil agus i anois 92- ag rádh go dtainig bean shibhail isteach lá agus gur dhubhairt sí na mbeadh deireadh leis an t-saoghal go dtiocfheadh cogadh na Dalaigh.
    Chualaidh me fhéin duine eighinteacht ó Shrathlaoighfheoil ag rádh 30 bliadain ó shoin, da gcuirfeadh duine ar bith de clann Mhic Suibhne a lámh ar Charraic an Phudair go bpleascadh an carraic.
    Tá Carraic an Phudair comhgarach do Thobar an Dún i gcondae Dhún na nGall.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cáit Ní Dhomhnaill
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    92
    Seoladh
    Srath Laoill, Co. Dhún na nGall