Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)

Suíomh:
Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brian Ó Breisleáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 13

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 13

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Straleel
  2. XML Leathanach 13
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí rí sa domhan thiar am amháin agus bhí triúr nighean aige.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    buachaill seo dhá chapall agus cóisde leis fosta. Nuair a chonnaic an t-amadán go rabh aige le ghábhail na bainnse d’iarr sé athchuinge ó’n fháinne culaith an deas a bheith air ó’n bhroig go dtí ‘n hata má bhí culaith deas ar fhear uasal ariamh. Bhí sin air ar a bhomaite. Shuidh sé isteach sa choisde agus ba ghoirid go rabh se ag teach a’ róigh.
    Nuair a chonnaic an tríomhadh níghean é chuir sí a dhá láimh thart fá na mhuineál mar d’aithin sí é. Dubhairt sí le na háthair gurb é seo an fear a shábhail iadsan agus a rinne an ghaisgeamhlacht. Nuair a chulaidh an rí seo thug sé a tríomhadh níghean dó le pósadh. Fuair sé iomlán ríoghachtaigh agus cuairt an róigh. Fuair sé búnas an méid saidhbhearais a bhí ag an rígh. Rinneadh bánrioghan dó a bhean. Pósadh dhá dhearbhrathair an amadán ar dhá níghean eile an róig.
    Ní bhfuair siadsan acht síofruigh beag de shaidhbhearais an róig agus bhí áit comhnuidhe acu fhéin le fágháil. Chait an t-amadán saoghal sona sásta pléasúrha fhad is bhí sé beo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Nic Bhriartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seamus Ó Gáibhtheacháin
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60