Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fhíos aige go mbéadh a mhathair feargach leis. Chua[idh] sé giota eile agus fuair sé suas le Miníst[ir] agus bhí cróc ór leis an Mhinístir agus dubhai[rt] sé leis an gasúr go dt[iu]bhreadh sé sgilling dh[ó] dá n-íomrochadh sé an croc ór go dtí a theach fhéin. Dubhairt an gasúr go n-deánadh. Nuair [a] chuaidh siad giota eile thoisigh sé ag chuir arís agus chuaidh siad ar foscadh ag taobh claidhe. Annsin léim an gasúr suas ar claidhe agus chai[th] cúpla cloch anuas ar an Mhinistir agus mharbhi[gh] sé é. Annsin thug sé an croc ór abhaile le[is.] Nuair a chuaidh sé abhaile d’iafruighe an mhathair dhó (chá) caidé an áit a bhfuair sé an croc ór agus d’innis seisean dá mathair caidé mar tharla. Annsin dubhai[rt] sí go g crochfaidhe amarach é. Annsin chuaidh siad go dtí an áit a rabh an Mhinís[tir] a’s chaith siad isteach i n áith-aoil é. Anns[in] chuaidh siad abhaile agus chuaidh an gasúr a luighe agus chuaidh an mhathair go dtí an áith-aol agus cháith sí an Mhinístir isteach idtaobh sruthán agus cháith brósna crainn air agus chaith sean riathe a bhí marbh fá’n bhaile isteach ina áit. Ar mhaidin lá thar na bharach tháinic na gardaí go dtí an doras agus d’fiafruighe siad dó’n gas[úr] an bhfacha sé Ministir dubhairt an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Curraín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinsias Mac Bhriortaigh
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall