Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)

Suíomh:
Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brian Ó Breisleáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 7

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 7

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Straleel
  2. XML Leathanach 7
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí rí sa domhan thiar am amháin agus bhí triúr nighean aige.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí siad ag siubhal leobhtha ar feadh a bhfad. Sa deireadh chonnaic siad solús beag i bhfad uatha agus tharraing siad air. Goidé bhí ann acht beochán beag toighe. Chuaidh siad isteach. Ní rabh duine ar bith na chomhnuidhe ann acht gábha dubh agus a bhean. D’iarraidh siad don ghábha an gcoinneochaidh sé iad go maidín.
    Dubhairt an gábha nach rabh mórán áite aigesan daobhtha agus nach rabh greimbidh aige le tabhairt daobhtha le hithe acht giota beag aráin mín-bhuidhe. I geás ar bith fhán siad.
    Ins an oidhche nuair a bhí a sgríste déanta acu D’iarraidh siad don gábha an rabh fhios aige an rabh árus ar bith thart annseo. Dubhairt an gábha go rabh árus ann cinnte acht nac rabh fhios aige-san cé bhí na chomhnuidhe ann. “Bhel” ars an mac ba sine” maidín amárach gabh na bhaile mhór. Ceannuigh trí fiche féadh de rópa agus clog domhsa. Féachaidh mé an rópa a rachaidh síos ins an árus go bhfeicidh mé cé tá na chomhnuidhe ann. Bhí gó maith agus ní rabh go holc.
    D’imthigh an gábha dubh na bhaile mhór. Cheannuigh sé trí fiche féadh de rópa agus clog. Nuair a tháinig sé abhaile thug sé iad dón mac bá sine. Annsin d’imthigh na triúir mac agus an gábha dubh go dtí árus. Nuair a tháinig siad fhad leis an árus cheangal an mac ba síne an rópa faoi na dhá aisgil. Thug sé an clog leis. “Anois” ars seisean “nuair a chluineas sibh-se an clog seo tarraingidhidh go brúach arais mé”. Leig sé é fhéin síos ar an rópa acht nuair a bhí sé fá thuairm leath bealaigh bhuail sé an clóg. Tharraingt na fir eile go brúach é. Tháinig sé aníos gan fíos aige cé bhí na chomhnuidhe san árus.
    “Bhel anois” ars an dara mac “rachaidh mise síos”. Cheangal sé an rópa faoi na dhá airgil agus thug sé an clog leis leig sé é fhéin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Nic Bhriartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seamus Ó Gáibhtheacháin
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60