Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)
- Suíomh:
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: S. Ó Beirn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Charraig
- XML Leathanach 573
- XML “Iníon an Rí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí ann uair amháín, agus bhí inghean amháin aige. Ní thearn an inghean seo gáire a choidhce, agus chuir seo gruaim mór ar an ríogh, agus dubhairt sé go bhéarfeadh sé a inghean le phósadh do'n te a bhainfeadh gáire aistí.Tháinig mic ríghte as achan chearn go bhfeicfeadh siad an cailín, agus gáire a bhaint aistí, mar bhí an inghean seo an deas. Ach ní rabh gar ann, agus ní thearn sí gáire ar bíth. Bhí bean agus a mhac ina gcomhnaidhe ins an áit sin. Ní thiocfadh leis an mac seo rud ar bíth a dheánamh i gceart. Lá amháin chuir an mhathair é fhad leis an aonaigh le bó a cheannacht. Chuaidh sé 'un an aonaigh agus cheannuigh sé an bó, aach sul a rabh sé leath bhealaigh na bhaile fuair sé tuirseach, agus ní rabh fhios aige caidé bhí sé gabháíl a dheánamh. Annsin smaointigh sé gur deas(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Anna Nic Briartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Bogagh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Seagháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Bogagh, Co. Dhún na nGall