Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Sgéal. “Cathaoir Mhac Cába”.
Bhí bean shíos ins na Rosa, am amháin, agus shíl sí nach rabh duine ar bith comh gasta leithe féin. Bhí fear na chomhnuidh shuas fan Bheinn Bháin, agus chualaidh sé iomrad fan mhnaoi ghasta seo a bhí ins na Rosa. Dubhairt sé go mbéadh seisean gasta aicí.
Chuaidh sé síos go na Rosa, agus chuaidh sé go dtí an teach a rabh an bhean na comhnuidh ann. Chuaidh sé isteach. Thug bean an tighe cathaoir dó.
“An misde damh” ar sise “fiafruigh duit cainim no car shloinneadh duit?”
“Maise” ar seisean, “Tá mo ainim faoi mo thóin agus mo shloinneadh fa mo mhuineal”.
“Arú” ar sise, “do chéad míle fáilte a “Cathaoir Mhic Cába!”
Bhí bean na Rosa cliste go leor aige.Chualaidh mé an sgéal seo ag Nellie Bheag Bean Míc Chonaill. Leach Chonaill, Ardaratha, Co. Dhun na nGall.- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Mhic Chonaill
- Ainmneacha eile
- Eibhlín Bean Mhic Chonaill
- Nellie Bheag (ainm áitiúil)
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall